(Verb VI PastInd Len)

Bhí pictiúir gan fhuaim ag teacht ón teilifís i gcoirnéal an tseomra sa bheár seo i mBéal Feirste, a bhí lán ó chúl go doras. 🔊

D'amharc Jimmy ar na teidil a bhí ag teacht agus ag imeacht ón scannán roimh nuacht a naoi a chlog. 🔊

Bhain súimín beag as an phionta a bhí roimhe agus smaointigh ar an léirscrios a bheadh ina dhiaidh sa bhaile. 🔊

Bhí a choinsias ag cur isteach chomh mór sin air is nach raibh pléisiúr laghad aige san oilithreacht sheachtainiúil go tobar Bhacais lena chomrádaithe. 🔊

Chan ea gur fear mór ólacháin a bhí riamh ann; níorbh ea. 🔊

Agus leis an fhírinne a dhéanamh, bhí oiread dúil sa chraic agus sa chuideachta aige is a bhí aige i gcaitheamh siar pointaí. 🔊

Mar sin de, bhí a fhios ag Jimmy nár bheo a bheo dtigeadh na bhaile roimh an deich a chlog, ndéanfadh, bhéarfadh Sarah a sháith . 🔊

Bhí oibrithe amach ina intinn aige go raibh am aige le cur eile a chur ar clár agus ansin go dtiocfadh leis slán a fhágáil ag an chuideachta agus a bhealach a dhéanamh a fhad leis an Jasmine Palace, áit a dtiocfadh leis curaí a fháil féin agus chop suey do Sarah, cuid eile de dheasghnátha na hAoine. 🔊

Bhí a fhios aige go mbeadh Billy sa bheár go gcaithfí amach é bhí a bhean ar shiúl go Sasain a dh'amharc ar an ua da deireanaí gcuid. 🔊

Ar ndóigh, bhí Billy ag ceiliúradh an linbh úir i rith na seachtaine. 🔊

Rinne Jimmy cuntas ina intinn ar an deoch a bhí le fáil aige agus tharraing ar an bheár. 🔊

Bhí Micí, an freastalaí, ansin roimhe agus é ag éisteacht leis na pótairí a bhíina suí ag an bheár, b'fhíor . 🔊

B'fhéidir gurbh airsean a bhí an t-ádh. 🔊

Bhí Sarah agus na páistí aige; bhí, agus teach deas seascair. 🔊

Thug caint Mhicí mothú ciontach chun tosaigh in intinn Jimmy, gur mhaith a bhí a fhios aige gurbh iad Elizabeth agus Margaret na páistí ab fhearr a cuireadh chun tsaoil riamh. 🔊

Istigh ansin bhí an t-aer trom le boladh spíosraí agus teas bealaithe. 🔊

Bhí triúr ceathrar de dhéagóirí istigh roimhe agus iad ar meisce ar fíon úll. 🔊

Bhí a n-aird ar an bhiachlár ghealbhuí fána lán mílitriú agus bhí siad ag cur is ag cúiteamh eatarthu féin cad é a cheannódh siad ar na pinginí a bhí fágtha acu. 🔊

Bhí Liz, mar a thug achan chustaiméir uirthi, ag freastal - girseach scór mbliain, í díomhaoin, go raibh iníon bheag ceithre mblian aici, rud a d'inis do Jimmy i modh rúin. 🔊

raibh ruin aige an tseanchuimhne nimhneach sin a mhúscailt i gceann Liz - an stócach a bhí seal i ngrá léi agus a d'fhág ina dhiaidh sin í nuair a theann an saol go crua orthu. 🔊

Bhí tost míshuaimhneach eatarthu agus bhí Jimmy sásta nuair a tháinig duine de na stócaigh óga chuige ag iarraidh mionairgead briste ar bith a bheadh na pócaí aige. 🔊

Thiontaigh Liz a súil ó na stócaigh gharbha a bhí ag diurnú bhuidéal an Olde English. 🔊

Ba mhian leis luí aici agus inse di cad é chomh sona sásta is a bhí le linn iad bheith le chéile. 🔊

Níor chuala an carr gan solas a bhí ag tarraingt air go fadálach as dorchadas na hoíche. 🔊

fhaca an splan solais, ach ar an tsaol seo dáiríre, scaoil stócach a raibh caint b aghraiflí aige an mhuintir a bhí sa teach itheacháin, scaoil urchar a shíob leath an chloiginn de Jimmy agus a d'fhág ina luí ar an tsráid reoite é. Bhí an fhuil ag púscadh ar an talamh fhuar liath agus ag meascadh lena raibh sna boscaí aluminium. 🔊

Frequency index

Alphabetical index